Frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach – bagairt mhéadaitheach ar shláinte an duine
Tá an t-ualach a bhaineann le hionfhabhtuithe ina bhfuil baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach ar dhaonra na hEorpa inchomparáide leis an bhfliú, leis an eitinn agus le VEID/SEIF ar fad le chéile.

Íoslódáil

Dá mba mhaith leat an grafaic faisnéise a mhionathrú, tabhair do d'aire le do thoil go mbeidh ort an pacáiste Cló (Meta Pro) a shuiteáil sula n-osclaítear an comhad Illustrator nó InDesign. Ná hoscail an comhad .ai gan na clónna a bheith suiteáilte roimh ré.
Má mhionathraíonn tú an comhad agus má shuiteálann tú an cló, éilíonn ECDC ort an cló a dhíshuiteáil tar éis don mhionathrú a bheith críochnaithe agat, de thairbhe nach bhfuil cead ag ECDC ceadúnas don chló a thabhairt.
Bheimis buíoch nach gcuirfear gnéithe grafacha leis, seachas lógónna breise. Ná hathraigh dathanna, spásáil, socrú nó clómhéid le do thoil (mura bhfuil sé fíor-riachtanach). Tá ECDC sásta mionathruithe a sheiceáil faoi dhó.
Ar deireadh, luaigh ECDC mar fhoinse na grafaice faisnéise seo, le do thoil.