Príomhtheachtaireachtaí do bhainisteoirí/riarthóirí ospidéil
Cúraimí
1. Áirítear iad seo a leanas leis na cúraimí atá ort maidir le húsáid antaibheathach a fheabhsú [31,42,56,71,75]:
a) Foireann ildisciplíneach a bhunú don chlár maoirseachta antaibheathach atá ar bun i d’ospidéal. Ba cheart an fhoireann sin a bheith comhdhéanta de speisialtóirí galar tógálach, de mhicribhitheolaithe cliniciúla agus de chógaiseoirí cliniciúla agus ba cheart cistiú agus acmhainní tiomnaithe a chur ar fáil di;
b) Tacú le cur chun feidhme a dhéanamh ar threoirlínte um úsáid antaibheathach agus ar bhearta um ionfhabhtú a chosc agus a rialú;
c) Cur chun feidhme a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí oideachasúla agus ar sheisiúin oiliúna spriocdhírithe:
i. lena ndéantar bainistíocht dhiagnóiseach agus theiripeach othar a bharrfheabhsú;
ii. lena gcinntítear go leantar moltaí maidir le maoirseacht antaibheathach;
iii. lena dtugtar aghaidh ar na tosca iompraíochta atá taobh thiar de mhí-úsáid antaibheathach;
iv. lena gcabhraítear le cosc agus rialú a dhéanamh ar ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte agus ar scaipeadh baictéar atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach.
d) Oideasóirí agus ceannairí foirne maoirseachta antaibheathach a spreagadh chun obair i gcomhar le chéile agus chun gabháil d’iniúchadh agus aiseolas réamhghníomhach.
e) Táscairí cáilíochta agus méadracht cainníochta a leagan síos chun dul chun cinn agus torthaí an chláir mhaoirseachta antaibheathach a thomhas;
f) A chinntiú go mbíonn fáil sheasta ann ar na hantaibheathaigh atá liostaithe i bhfoirmleoir an ospidéil; agus
g) A chinntiú gur “réimsí gníomhaíochta tosaíochta” i bplean bliantúil d’ospidéil is ea úsáid stuama antaibheathach agus frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach a chosc.
Na nithe ba cheart a bheith ar eolas agat
2. In éineacht le cleachtais um ionfhabhtú a chosc agus a rialú, is féidir le cláir mhaoirseachta antaibheathach sábháilteacht othar agus cáilíocht an chúraim a mhéadú agus costais ospidéil a laghdú ar fud na seirbhísí uile trí fheabhas a chur ar an dóigh a n-úsáidtear antaibheathaigh agus trí ionfhabhtuithe C. difficile agus teagmhais dhíobhálacha eile a laghdú [19,42].
Sampla
A bhuí le cláir mhaoirseachta antaibheathach a bheith curtha chun feidhme acu, d’éirigh le hospidéil na nithe seo a leanas a dhéanamh [46]:
• Tomhailt antaibheathach a laghdú faoi 20%,
• An mhinicíocht ionfhabhtuithe atá faighte san ospidéal a laghdú,
• An fad fanachta san ospidéal a ghiorrú, agus
• Costais antaibheathach a laghdú faoi 33%.
3. Ceannairí tábhachtacha san fhoireann maoirseachta antaibheathach is ea speisialtóirí galar tógálach, micribhitheolaithe cliniciúla agus cógaiseoirí cliniciúla [56,76].
4. Creideann a lán oideasóirí agus gairmithe eile cúram sláinte nach leor an oiliúint atá faighte acu in úsáid stuama antaibheathach. Bíonn treoirlínte áitiúla um úsáid antaibheathach, oideachas sonrach agus foirne maoirseachta antaibheathach á lorg acu ina leith sin [25,27].
5. Is ar chliniceoirí atá an fhreagracht as oideasú. Mar sin, is gá go mbíonn ról iomlán acu i gcinnteoireacht chomhroinnte leis an bhfoireann maoirseachta antaibheathach [42].
6. Chun go n-éireoidh le foirne maoirseachta antaibheathach, teastaíonn uathu tacaíocht ghníomhach ó ghairmithe tábhachtacha eile san ospidéal, amhail gairmithe um ionfhabhtú a chosc agus a rialú, cleachtóirí rannóige éigeandála, eipidéimeolaithe ospidéil, altraí agus baill foirne TF [42,77].
7. Má fheabhsaítear úsáid antaibheathach sa rannóg éigeandála, beifear in ann úsáid antaibheathach a fheabhsú ar fud na heagraíochta ar fad, toisc go bhfuil an rannóg éigeandála ina pointe coitianta iontrála isteach sa suíomh othar cónaitheach [77].
8. Is féidir úsáid antaibheathach a laghdú trí bhearta sriantacha agus trí bhearta áititheacha araon [19,43,54,56]:
• Samplaí de bhearta sriantacha is ea na cinntí réamhcheadaithe agus na cinntí iarúdaraithe a dhéantar i leith antaibheathaigh shonracha;
• Samplaí de bhearta áititheacha is ea an t-iniúchadh réamhghníomhach a dhéanann lianna galar tógálach, micribhitheolaithe agus cógaiseoirí agus an t-aiseolas a thugann siad ina leith.
9. Má chuirtear treoirlínte um úsáid antaibheathach ar fáil agus má reáchtáiltear seisiúin oideachasúla go rialta, feabhsófar an dóigh a ndéanann lianna bainistiú ar ionfhabhtuithe [78].
10. Is féidir oideasú antaibheathach agus torthaí othar a fheabhsú le straitéisí struchtúrtha áirithe. Áirítear leo sin [54,79-81]:
• cinntí ríomhchuidithe, lena nasctar tásca cliniciúla, sonraí micribhitheolaíocha agus sonraí oideasaithe le chéile, agus
• úsáid a bhaint as mearthástálacha diagnóiseacha agus as tástálacha diagnóiseacha ag an láthair cúraim.
Na nithe is féidir leat a dhéanamh i d’ospidéal nó i d’institiúid
11. Tacú le d’fhoireann ildisciplíneach maoirseachta antaibheathach trí cheannairí sonracha a ainmniú maidir le cuntasacht agus le saineolas ar dhrugaí agus trí róil thacúla a thabhairt do ghrúpaí tábhachtacha eile [42,71].
12. Tús áite a thabhairt do bheartais um maoirseacht antaibheathach agus um ionfhabhtú a chosc agus a rialú agus do straitéisí agus gníomhaíochtaí lena dtacaítear le húsáid stuama antaibheathach agus lena gcuirtear cosc ar scaipeadh baictéar atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach [31,71].
13. Cistí agus acmhainní a chur ar fáil do chlár maoirseachta antaibheathach (lena n-áirítear, i measc nithe eile, tuarastail do bhaill foirne thiomnaithe, inniúlachtaí TF, mearthástálacha diagnóiseacha agus tástálacha diagnóiseacha ag an láthair cúraim) [31].
14. Gníomhaíochtaí oideachasúla, oiliúint agus cruinnithe maidir le maoirseacht antaibheathach agus le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach a chistiú agus a chur chun cinn do gach gairmí cúram sláinte (lianna, speisialtóirí galar tógálach, cógaiseoirí, micribhitheolaithe agus baill foirne altranais) [19,53,56].
15. Neartú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faireachais maidir le húsáid antaibheathach agus le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach [56].
16. Cur chun cinn a dhéanamh ar chomhlíonadh treoirlínte fianaisebhunaithe um ionfhabhtuithe coitianta a dhiagnóisiú agus a bhainistiú agus um próifiolacsas antaibheathach imobráide. Murab ann do na treoirlínte sin i d’ospidéal cheana féin, tacaigh lena bhforbairt [31,54,56].
17. Cur chun cinn a dhéanamh ar úsáid patrún áitiúil i micribhitheolaíocht agus i bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach chun bonn eolais a chur faoi threoirlínte agus faoi roghanna eimpíreacha maidir le húsáid antaibheathach [31].
18. Cur chun cinn a dhéanamh ar chomhlíonadh treoirlínte fianaisebhunaithe maidir le bearta um ionfhabhtú a rialú ar mhaithe le tarchur baictéar atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach a laghdú [82].
19. Iniúchtaí réamhghníomhacha a chur chun cinn, agus a chinntiú go dtugtar aiseolas do chógaiseoirí aonair ina leith [54,56].
20. Athbhreithniú piaraí a chur chun cinn ar oidis antaibheathach agus ar bhainistíocht ionfhabhtuithe, agus cumarsáid a spreagadh i measc gairmithe cúram sláinte [71].