Príomhtheachtaireachtaí don aonad dianchúraim [lianna agus bainisteoirí]
Cúraimí
Áirítear iad seo leis na príomhchúraimí atá ort maidir le húsáid antaibheathach a fheabhsú i do rannóg:
1. Cloí le prótacail chóireála antaibheathach atá bunaithe ar threoirlínte fianaisebhunaithe (e.g. le haghaidh seipsise) [90].
2. Coinneáil ar an eolas faoi phatrúin áitiúla i bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach i do rannóg, i d’ospidéal agus sa phobal [31,72].
3. Seisiúin agus plé ar chásanna a eagrú go rialta le baill foirne ildisciplíneacha chun cáilíocht na cóireála antaibheathach a fheabhsú [72].
4. Cóireálacha antaibheathach a athmheasúnú i bhfianaise riochtaí cliniciúla tar éis tréimhse 48-72 uair, nó a luaithe a bhíonn torthaí micribhitheolaíocha ar fáil, chun [31,42,70-72]:
• athrú chuig antaibheathach lena ngabhann speictream níos cúinge;
• leanúint le teiripe antaibheathach nó deireadh a chur léi;
• aistriú go teiripe antaibheathach bhéil.
5. Straitéisí um ionfhabhtú a chosc agus a rialú a chur chun feidhme, lena n-áirítear [86,87,105]:
• oideachas foirne,
• sláinteachas láimhe,
• glanadh timpeallachta,
• scagadh gníomhach,
• réamhchúraimí teagmhála,
• cleachtais fhianaisebhunaithe,
• córais faireachais a bhunú le haghaidh ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte.
6. Páirt rialta a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oideachasúla, agus iniúchtaí réamhghníomhacha a dhéanamh in éineacht leis an bhfoireann maoirseachta antaibheathach agus aiseolas a thabhairt ina leith [54,56].
Na nithe ba cheart a bheith ar eolas agat
7. Má dhéantar teiripe antaibheathach a chúngú nó a chuíchóiriú, tiocfaidh torthaí níos fearr d’othair chun cinn [106].
8. Má chloítear le bearta um ionfhabhtú a chosc agus a rialú, laghdófar an mhinicíocht ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte. Mar shampla:
a) Má chloítear le prótacal cúraim líne lárnaí (le haghaidh ionsá agus cothabháil), laghdófar ionfhabhtuithe shruth na fola atá bainteach leis an líne lárnach i ngach cineál aonad dianchúraim (aonaid dianchúraim d’aosaigh agus aonaid dianchúraim do leanaí nuabheirthe) [107].
b) Is féidir bearta cúraim a úsáid chun niúmóine atá bainteach le haerálaithe a chosc in aonaid dianchúraim d’aosaigh [108].
Na nithe is féidir leat a dhéanamh
9. Cur chun feidhme a dhéanamh, i gcomhar leis an bhfoireann um ionfhabhtú a chosc agus a rialú, ar threoir (treoirlínte, prótacail agus seicliostaí) maidir le bearta um ionfhabhtú a chosc agus a rialú [86,87] [comhdhearcadh saineolaithe].
10. Cloí le prótacail chóireála antaibheathach atá bunaithe ar threoirlínte fianaisebhunaithe agus atá bunaithe i do shuíomh a chur i bhfeidhm [31] [comhdhearcadh saineolaithe].
11. Gan tosú ar chóireáil antaibheathach ach amháin i gcás go bhfuil fianaise ann ar ionfhabhtú baictéarach, agus gan coilíniú a chóireáil [31].
12. Próifiolacsas neamhriachtanach antaibheathach a sheachaint [31].
13. Stair chríochnúil othair a ghlacadh agus antaibheathach á oideasú agat, lena n-áirítear faisnéis faoi na nithe seo a leanas: úsáid antaibheathach le déanaí, ailléirgí i leith drugaí, úsáid teiripe imdhíon-sochtaí, agus tosca riosca le haghaidh frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach (mar shampla, fanacht san ospidéal le déanaí, gnáthamh a rinneadh le déanaí nó taisteal lasmuigh den Eoraip le déanaí) [31].
14. Mura mbíonn tú cinnte sula n-oideasaíonn tú antaibheathach, ba cheart duit na nithe seo a leanas a dhéanamh [25,26,53,70] [comhdhearcadh saineolaithe]:
• Sonraí eipidéimeolaíochta áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a sheiceáil;
• Treoir agus comhairle a lorg ó chomhghleacaí sinsearach nó ó bhall den fhoireann maoirseachta antaibheathach.
15. An tásc ar chóireáil antaibheathach, an druga atá roghnaithe, an dáileog, an modh tugtha agus fad na cóireála a thaifeadadh i gcairt an othair [31,42,70,71].
16. Cóireáil éifeachtach antaibheathach a thosú a luaithe is féidir tríd an modh infhéitheach le haghaidh othair a bhfuil seipsis orthu [90].
17. A chinntiú go dtógtar saothráin go cuí agus go seoltar iad chuig an tsaotharlann micribhitheolaíochta sula dtosaítear ar chóireáil antaibheathach [31,42,70,71].
18. Na ceisteanna tábhachtacha seo a leanas a fhreagairt agus teiripe antaibheathach á hathmheasúnú agat tar éis tréimhse 48-72 uair (nó a luaithe a bhíonn torthaí micribhitheolaíocha ar fáil) [42,70]:
An bhfuil ionfhabhtú ar an othar a fhreagróidh d’antaibheathaigh?
Má tá:
i. An bhfuil an t-antaibheathach ceart/na hantaibheathaigh chearta, an dáileog cheart agus an modh tugtha ceart á bhfáil ag an othar?
ii. An bhféadfaí antaibheathach lena ngabhann speictream níos cúinge a úsáid chun an t-ionfhabhtú a chóireáil?
iii. Cé chomh fada agus ba cheart don othar an t-antaibheathach/na hantaibheathaigh a thógáil?
19. Má fheiceann tú baill foirne san ospidéal nó i suíomh cúram sláinte atá ag sárú treoirlínte nó prótacal, fiafraigh díobh cén fáth a bhfuil an méid sin á dhéanamh acu agus tabhair dóibh na hacmhainní a theastaíonn chun a thuiscint cá bhfuil siad ag dul ar strae [69] [comhdhearcadh saineolaithe].
20. Páirt rialta a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna agus i gcruinnithe lena dtacaítear leis na nithe seo a leanas a chur chun feidhme san ospidéal: a) úsáid stuama antaibheathach, b) treoirlínte áitiúla fianaisebhunaithe um úsáid antaibheathach, agus c) bearta um ionfhabhtú a chosc agus a rialú [52,53].