Príomhtheachtaireachtaí do ghairmithe ospidéil um ionfhabhtú a chosc agus a rialú agus d’eipidéimeolaithe ospidéil
Cúraimí
1. Is é an cúram atá ort a chinntiú go gcuirtear na gnéithe bunúsacha den chlár um ionfhabhtú a chosc agus a rialú i gcrích san ospidéal [82,84,85] [comhdhearcadh saineolaithe]. Áirítear leo sin:
a) oideachas agus oiliúint,
b) beartais agus nósanna imeachta,
c) teicnící aiseipteacha agus idirghabhálacha cliniciúla,
d) sláinteachas láimhe,
e) dí-éilliú uirlisí agus trealaimh,
f) dí-éilliú na timpeallachta,
g) sábháilteacht uisce,
h) vacsaíniú oibrithe cúram sláinte agus sláinte cheirde,
i) idirchaidreamh le heagraíochtaí sláinte poiblí,
j) saincheisteanna um ionfhabhtú a chosc agus a rialú a leabú i ngach beartas, agus
k) a chinntiú go dtuigeann baill foirne, idir bhaill foirne ar an mbord agus bhaill foirne ar an mbarda, an ról atá acu maidir le hionfhabhtuithe a chosc.
2. Áirítear iad seo a leanas leis na cúraimí eile atá ort [31,42,56,82,85-87]:
a) Comhordú a dhéanamh ar chlár faireachais ar ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte agus ar chlár um ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte a chosc agus a rialú san ospidéal;
b) A chinntiú go mbíonn treoirlínte, prótacail agus seicliostaí um ionfhabhtú a chosc agus a rialú i bhfeidhm chun ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte agus tarchur miocrorgánach araon a chosc;
c) Faisnéis a chomhroinnt faoi phatrúin áitiúla i micribhitheolaíocht agus i bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach;
d) Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh treoirlínte um ionfhabhtú a chosc agus a rialú;
e) Iniúchadh a dhéanamh ar shonraí faoi fhaireachas ar ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte agus tuairisc a thabhairt ina leith;
f) A chinntiú go ndéantar cláir mhaoirseachta antaibheathach a chomhtháthú le beartais agus le
cláir um ionfhabhtú a chosc agus a rialú;
g) Oideachas a chur ar fáil do gach gairmí ábhartha cúram sláinte ar idirghabhálacha um ionfhabhtú a chosc agus a rialú chun laghdú a dhéanamh ar tharchur baictéar atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach agus ar tharchur baictéar atá soghabhálach i leith antaibheathach araon.
Sampla
3. An Ghréig – Trí chlár ilghnéitheach um ionfhabhtú a rialú a reáchtáil ar feadh tréimhse trí bliana chun scaipeadh baictéar atá frithsheasmhach in aghaidh carbaipeineimí a rialú in aonad haemaiteolaíochta d’ospidéal cúraim threasaigh, laghdaíodh an líon ionfhabhtuithe a raibh na baictéir sin ina gcúis leo [88].
4. An Iodáil - Trí chlár ceithre bliana um ionfhabhtú a rialú a reáchtáil, laghdaíodh an mhinicíocht ionfhabhtuithe agus coilínithe a raibh baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh carbaipeineimí ina gcúis leo in ospidéal teagaisc. Mar chuid den chlár, tugadh faoi bhearta maoirseachta antaibheathach lenar díríodh ar úsáid carbaipeineimí [62].
5. San eolaire ECDC (nasc) tá acmhainní ar líne le haghaidh ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte a chosc agus a rialú.
Na nithe is féidir leat a dhéanamh
6. Rochtain éasca a chur ar fáil ar threoir maidir le bearta um ionfhabhtú a chosc agus a rialú chun laghdú a dhéanamh ar ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte agus ar tharchur miocrorgánach. Is féidir treoirlínte, prótacail agus seicliostaí a sholáthar sa treoir sin [comhdhearcadh saineolaithe].
7. Imeachtaí oideachasúla, cúrsaí agus cruinnithe a eagrú agus a chur chun cinn in éineacht le riarthóirí ospidéil ar mhaithe le gníomhaíochtaí um ionfhabhtú a chosc agus a rialú a neartú i measc gach gairmí cúram sláinte (e.g. sláinteachas láimhe, réamhchúraimí teagmhála, saothráin scagtha ghníomhaigh agus glanadh timpeallachta) [89].
8. Má fheiceann tú baill foirne san ospidéal nó i suíomh cúram sláinte atá ag sárú treoirlínte nó prótacal, fiafraigh díobh cén fáth a bhfuil an méid sin á dhéanamh acu agus tabhair dóibh na hacmhainní a theastaíonn chun a thuiscint cá bhfuil siad ag dul ar strae [69] [comhdhearcadh saineolaithe].
9. Faireachas ar ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte a chomhordú san ospidéal trí thabhairt faoin dá ní seo a leanas [82,85] [comhdhearcadh saineolaithe]:
• Suirbhéanna poncleitheadúlachta, lena dtugtar léargas ar an líon othar a bhfuil ionfhabhtú atá bainteach le cúram sláinte orthu atá san ospidéal ag aon am ar leith, agus
• Faireachas fadtéarmach ar an minicíocht ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte (e.g. an mhinicíocht in aonaid dianchúraim nó an mhinicíocht ionfhabhtuithe sonracha).
10. Úsáid a bhaint as sonraí áitiúla faoi ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte, spriocanna áitiúla a leagan síos agus réimsí a shainaithint inar gá tacaíocht bhreise a thabhairt don obair chun ionfhabhtú a chosc agus a rialú [82,85] [comhdhearcadh saineolaithe].
11. Faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí a bhíonn bearta coisctheacha spriocdhírithe maidir le tarchur baictéar atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach a laghdú [82,85] [comhdhearcadh saineolaithe].
12. Gairmithe cúram sláinte a oiliúint go rialta sa dóigh ar féidir leo straitéisí éifeachtacha um ionfhabhtú a chosc agus a rialú a chur chun feidhme [82,85] [comhdhearcadh saineolaithe].