Mohammed

scéalta othar

Mohammed is ainm dom agus táim 37 bliain d’aois. D’fhás mé aníos sa Ríocht Aontaithe, ach le deich mbliana anuas táim lonnaithe i gCaireo agus mé i mbun comhlacht forbartha bogearraí. Tá cuid mhaith de mo mhuintir san Éigipt, mar sin ba mhór an spraoi é a bheith ag taisteal anonn is anall go dtí an Ríocht Aontaithe.

In Aibreán 2011, diagnóisíodh le leoicéime mhialóideach ghéar mé. Is cineál ailse í seo a chiallaíonn go gcruthaíonn an corp an iomarca ceall fola bán agus stopann an córas imdhíonachta ag feidhmiú mar is ceart. Cuireadh tús le cóir leighis a chur orm ar an bpointe boise, nach mór. Níl an leoicéime féin an-phianmhar – níl ann ach go mbraitheann tú tinn agus buaite amach den chuid is mó – ach toisc nach mbíonn do chóras imdhíonachta ag feidhmiú i gceart is mó an seans go dtógfá ionfhabhtú.

Feadfaidh siad seo a bheith míchompordach agus thar a bheith dainséarach araon.

Nuair a bhí mé san ospidéal agus an dara timthriall ceimiteiripe á dhéanamh orm, tháinig ardfhiabhras orm agus bhí na dochtúirí ag streachailt le dul i ngleic leis le gnáth-antaibheathacha. Ar feadh trí lá bhí mo theocht fíochmhar ard agus gan smacht air, ag dul chomh hard le leibhéal dainséarach 40°C. Tar éis dóibh a thuiscint go raibh rud éigin neamhghnách ag baint leis an ionfhabhtú úd, d’éirigh leo an fiabhras a laghdú le comhcheangal sonrach dáileog mhór antaibheathach. Bhí nádúr anaithnid an ionfhabhtaithe an-scanrúil faoin am sin; bhíomar ag déileáil leis an leoicéime ach ní raibh a fhios ag aon duine céard ba chúis leis na fiabhrais.

Léirigh breis imscrúduithe go raibh ionfhabhtú orm a bhain le baictéar darb ainm Escherichia coli (E. coli), baictéar ar gnách leis a bheith beo sa stéig. Ar chúiseanna nach raibh tuiscint ag mo dhochtúirí orthu, bhí cineál E. coli ar iompar agam a bhí thar a bheith frithsheasmhach. Níl a fhios ag aon duine go cinnte cad as ar tháinig an frídín thar a bheith frithsheasmhach seo, ná cén fhad a bhí sé suite go díomhaoin i mo stéig. Cheap na dochtúirí go raibh seans ann gur thóg mé é san Éigipt, toisc gur aimsíodh cineálacha frithsheasmhachta comhchosúla ansin chomh maith agus sin an áit ina raibh cónaí orm. Bhí an cheimiteiripe tar éis mo chóras imdhíonachta a lagú, ag tabhairt deis forbartha don ionfhabhtú.

Chomh luath is a d’aimsigh na dochtúirí an t-ionfhabhtú, bogadh go seomra leithlise mé. Fiú nuair a théim go dtí an t-ospidéal le haghaidh ceimiteiripe anois, ní cheadaítear dom an seomra a fhágáil ná bheith i measc na n-othar eile ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile. Úsáideann na haltraí agus na dochtúirí réamhchúraim dhiana teagmhála agus foireann tiomanta, lena chinntiú nach scaipfidh an t-ionfhabhtú. Tháinig fiabhras eile orm i rith mo thríú babhta ceimiteiripe. Bhí a fhios ag na dochtúirí conas é a chóireáil an uair seo agus cuireadh faoi smacht é ar an bpointe boise. Is ábhar sóláis é an leibhéal rialaithe atá i gceist, ach mar sin féin, ní deas an rud é a bheith scoite amach ó dhaoine eile san ospidéal.

Is é an rud is scanrúla ná go bhfeadfadh an frídín seo a bheith ionam go deo. Tá sé faoi smacht faoi láthair agus dhéileáil na dochtúirí leis go han-mhaith, ach fiú tar éis don leoicéime a bheith cloíte, beidh athfhás an ionfhabhtaithe ina bagairt bhunúsach go fóill. Níor cheap mé go bhféadfadh ionfhabhtuithe a bheith ina mbagairt saoil ná go bhféadfaidís éirí dainséarach chomh tapa sin. Tá an t-ádh linn go bhfuil líonraí tacaíochta leighis againn atá chomh hiontach sin, ach tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi na rioscaí agus dul chuig dochtúir láithreach má cheapann tú go bhfuil rud éigin mícheart leat.

Tráchtaireacht: nótaí an cháis

Bhí meicníocht frithsheasmhachta san E. coli a bhí scoite amach ó shruth fola Mohammed, rud a chruthaíonn einsím darb ainm carbapenemase. Chruthaigh E. Coli Mohammed carbapenemasedarb ainm OXA-48, rud a tuairiscíodh go minic ó bhaictéir i réigiún na Meánmhara, ach atá á thuairisciú chomh maith sa chuid eile den Eoraip agus go domhanda. Cruthaíonn an einsím seo, OXA-48, baictéir atá thar a bheith frithsheasmhach in aghaidh cuid mhaith antaibheathach, lena n-áirítear aicme antaibheathaigh líne deireanaí, mar atá na carbapenems.

Bhí dochtúirí Mohammed in ann cóireáil rathúil a dhéanamh air leis na hantaibheathaigh chearta, toisc go raibh cultúir glactha acu in am agus tástáil saotharlainne déanta acu le fáil amach an raibh na hantaibheathaigh éifeachtach in aghaidh a bhaictéir féin. D’fhéadfadh Mohammed an E.coli frithsheasmhach seo a iompar ina stéig ar feadh tamall fada agus d’fhéadfadh sé a bheith mar chúis le hionfhabhtú arís amach anseo. Beidh air antaibheathaigh a thógáil chun cosc a chur le hionfhabhtú a d’fhéadfadh a bheith bainteach lena chóireáil leoicéime. Ós rud é go bhfuil an E. coli frithsheasmhach in aghaidh an oiread sin antaibheathach mar gheall ar an OXA-48, d’fhéadfadh sé seo a bheith an-dúshlánach toisc nach bhfuil mórán acu atá fágtha le tabhairt dó.

Mura n-úsáidtear antaibheathaigh i gceart – má úsáidtear iad nuair nach gá iad, má thugtar iad ar feadh tréimhse rófhada nó róghearr nó mar dháileog mhícheart – d’fhéadfadh baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach teacht chun cinn agus scaipeadh.
Is tábhachtach an rud é antaibheathaigh a úsáid go stuama agus an t-antaibheathach ceart a roghnú chomh luath agus is féidir le haghaidh cóireáil ionfhabhtuithe. Baineann rátaí tinnis agus báis níos airde le moilleanna ar roghnú na n-antaibheathach ceart, go háirithe i measc na n-othar cosúil le Mohammed atá thar a bheith tinn.

Tá sé seo tábhachtach do gach duine, ós rud é gur féidir baictéir atá frithsheasmhach a aimsiú in ospidéil agus sa phobal chomh maith. Tá na hothair a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe mar gheall ar aistriú smeara nó orgáin sholadaigh faoi riosca mór, toisc gur mó an seans go dtógfaidh siad ionfhabhtú.