Príomhtheachtaireachtaí d’altraí
Cúraimí
1. Tá tú in áit thábhachtach chun úsáid antaibheathach a fheabhsú trí obair i gcomhar leis an bhfoireann maoirseachta antaibheathach [96].
2. Áirítear iad seo a leanas leis na cúraimí atá ort maidir le húsáid antaibheathach a fheabhsú [31,96,97] [comhdhearcadh saineolaithe]:
a) Antaibheathaigh a thabhairt d’othair de réir an oidis;
b) Comhordú a dhéanamh ar thabhairt agus seoladh samplaí micribhitheolaíocha agus ar thuairisc a thabhairt do lianna ina leith;
c) Drochiarmhairtí atá bainteach le teiripe antaibheathach a thuairisciú do lianna agus do choistí athbhreithniúcháin cuí;
d) Cumarsáid a éascú idir lianna, an chógaslann, an tsaotharlann, pleanálaithe scaoilte amach, lianna comhairleacha agus othair;
e) Faisnéis faoi chóireálacha a thabhairt d’othair agus do theaghlaigh;
f) Faireachán a dhéanamh ar stádas othair 24 huaire sa lá; agus
g) Stoic antaibheathach a bhainistiú ar do bharda, agus a chinntiú gur féidir úsáid antaibheathacha a rianú [comhdhearcadh saineolaithe].
Na nithe is féidir leat a dhéanamh nó na nithe ar féidir leat dul i mbun comhair ina leith
3. Cleachtais tugtha antaibheathach a fheabhsú i gcomhar le dochtúirí agus le cógaiseoirí [96,97].
4. Cloí leis na bearta um ionfhabhtú a chosc agus a rialú atá bunaithe i do shuíomh [comhdhearcadh saineolaithe].
5. A chinntiú go dtuigeann othair (agus a dteaghlach) an chúis le teiripe antaibheathach agus na pointí tábhachtacha a bhaineann le húsáid antaibheathach, lena n-áirítear iad seo a leanas [31,69] [comhdhearcadh saineolaithe]:
e) Antaibheathaigh a thógáil go díreach mar a oideasaíodh iad;
f) Gan antaibheathaigh a choinneáil dá n-úsáid tráth níos déanaí;
g) Gan antaibheathaigh atá fágtha ó chóireálacha roimhe seo a úsáid; agus
h) Gan antaibheathaigh atá fágtha a chomhroinnt le daoine eile.
6. A chinntiú go dtógtar saothráin go cuí agus go seoltar iad chuig an tsaotharlann micribhitheolaíochta sula dtosaítear ar chóireáil antaibheathach [31,42,70].
7. A chinntiú go gcuirtear torthaí ón tsaotharlann in iúl go pras don lia cóireála [comhdhearcadh saineolaithe].
8. Meabhrú d’oideasóirí a gcinneadh athbhreithniúcháin do gach othar atá ar antaibheathaigh a thaifeadadh i ndoiciméad tar éis tréimhse 48-72 uair [31,42,69].
9. Eolas a thabhairt don oideasóir nó don chógaiseoir má fheiceann tú gur ag othar atá oideas antaibheathach a bhfuiltear ag leanúint leis tar éis seacht lá gan fad sonraithe a bheith ag gabháil leis [69].
10. Má fheiceann tú baill foirne san ospidéal nó i suíomh cúram sláinte atá ag sárú treoirlínte nó prótacal, fiafraigh díobh cén fáth a bhfuil an méid sin á dhéanamh acu agus tabhair dóibh na hacmhainní a theastaíonn chun a thuiscint cá bhfuil siad ag dul ar strae [69] [comhdhearcadh saineolaithe].
11. Páirt rialta a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna agus i gcruinnithe maidir le húsáid stuama antaibheathach, le bailiú samplaí, agus le hionfhabhtú a chosc agus a rialú [53,96].