Príomhtheachtaireachtaí do mhicribhitheolaithe cliniciúla
Cúraimí
1. Áirítear iad seo a leanas leis na cúraimí atá ort maidir le húsáid antaibheathach a fheabhsú [31,98-100] [comhdhearcadh saineolaithe]:
a) Páirt a ghlacadh san fhoireann maoirseachta antaibheathach agus ról tábhachtach a imirt inti;
b) Obair i gcomhar leis an speisialtóir galar tógálach agus le cógaiseoir an ospidéil chun an clár maoirseachta antaibheathach a chur chun feidhme;
c) Tacú le treoirlínte fianaisebhunaithe an ospidéil um úsáid antaibheathach le haghaidh ionfhabhtuithe coitianta agus próifiolacsas máinliachta;
d) Miocrorgánaigh (e.g. i saothráin fola) agus tástáil soghabháltachta i leith ábhar frithmhiocróbach a shainaithint agus a thuairisciú go tráthúil;
e) Torthaí criticiúla a chur in iúl go pras don lia cóireála;
f) Sonraí a chur i láthair ar bhealach ina dtacaítear le húsáid stuama antaibheathach, mar shampla trí líon teoranta torthaí ar shoghabháltacht i leith ábhar frithmhiocróbach a thuairisciú go roghnaitheach do lianna;
g) Treoirlínte a chur ar fáil le haghaidh samplaí cuí a bhailiú, critéir dhiúltaithe do shamplaí arna gcur isteach go míchuí a fhorfheidhmiú, agus nósanna imeachta a bhunú chun an scrúdú ar éilleáin (e.g. saothráin fola) a theorannú;
h) Teiripe eimpíreach antaibheathach a threorú trí shonraí atá sonrach don ospidéal agus don bharda (e.g. aonad dianchúraim nó rannóg éigeandála) agus sonraí carnacha a chur ar fáil faoi shoghabháltacht i leith ábhar frithmhiocróbach;
i) Treochtaí criticiúla i bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach san ospidéal a shainaithint agus tuairimí a chur in iúl ina leith go pras don fhoireann maoirseachta antaibheathach agus don fhoireann um ionfhabhtú a rialú.
j) Foirmleoir ábhar frithmhiocróbach d’ospidéil (i.e. an liosta drugaí atá ar fáil d’oideasóirí) a bhainistiú.
Na nithe is féidir leat a dhéanamh nó na nithe ar féidir leat dul i mbun comhair ina leith
2. Treoirlínte a chur ar fáil um shamplaí a bhailiú, a stóráil agus a iompar [98,99].
3. A chinntiú go gcloítear le treoirlínte cóireála (lena n-áirítear tuairisciú roghnaitheach) le linn tástáil saotharlainne agus tuairisciú ar shoghabháltacht i leith ábhar frithmhiocróbach, agus nótaí cuí faoi léiriú a chur ar áireamh, más gá [31].
4. A chinntiú go gcuirtear na torthaí ar shainaithint agus ar thástáil soghabháltachta i leith ábhar frithmhiocróbach in iúl d’oideasóirí, d’altraí agus don fhoireann maoirseachta antaibheathach, go háirithe i gcás torthaí criticiúla (e.g. saothráin fola) [98-100].
5. A chinntiú go gcloítear le caighdeáin Eorpacha agus náisiúnta le linn tástáil agus torthaí micribhitheolaíocha a thuairisciú (i.e. an Coiste Eorpach um Thástáil Soghabháltachta i leith Ábhar Frithmhiocróbach - EUCAST) [31].
6. Sonraí a chur ar fáil faoi fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach ar leibhéal an ospidéil agus ar leibhéal an bharda, agus treochtaí a chur in iúl don fhoireann maoirseachta antaibheathach agus don fhoireann um ionfhabhtú a chosc agus a rialú [101].
7. Oideasóirí ospidéil a oiliúint go rialta i bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus in úsáid a bhaint as mearthástálacha diagnóiseacha agus as tástálacha diagnóiseacha ag an láthair cúraim [31,53].