Eagraíochtaí gairmiúla agus othar AE

Oibríonn an Lá Feasachta Eorpach maidir le hÚsáid Antaibheathach (EAAD) i gcomhpháirt le roinnt eagraíochtaí gairmiúla agus othar AE a bhfuil spéis acu in úsáid stuama antaibheathach agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach. Ó 2008 i leith, nuair a cuireadh tús le EAAD, bhí ról lárnach ag an tacaíocht a chuir na heagraíochtaí seo ar fáil chomh fada is a bhain le rath an tionscnaimh.