Príomhtheachtaireachtaí do chógaiseoirí ospidéil
Cúraimí
1. Áirítear iad seo a leanas leis na cúraimí atá ort maidir le húsáid antaibheathach a fheabhsú [42,56,76,94,95]:
a) Páirt a ghlacadh san fhoireann maoirseachta antaibheathach agus ról tábhachtach a imirt inti;
b) Obair i gcomhar leis an speisialtóir galar tógálach agus leis an micribhitheolaí cliniciúil chun an clár maoirseachta antaibheathach a chur chun feidhme;
c) Feabhas a chur ar cháilíocht an oideasaithe antaibheathach (e.g. a sheiceáil an bhfuil idirghníomhuithe drugaí ann nó nach bhfuil, an dáileogacht agus an modh tugtha a bharrfheabhsú, teagmhais dhíobhálacha a chosc);
d) Dul i gcomhairle le hoideasóirí ospidéil agus aiseolas a thabhairt dóibh chun dea-cháilíocht an oideasaithe antaibheathach a chinntiú;
e) Idirghabhálacha a chur chun feidhme maidir le srianta foirmleora, amhail ceanglais réamhcheadaithe agus iarúdaraithe, agus comhlíonadh na srianta sin a mheasúnú;
f) Anailís a dhéanamh ar shonraí faoi úsáid antaibheathach agus ar chostais chun críche faireachas agus tagarmharcáil a dhéanamh;
g) Tacú le treoirlínte fianaisebhunaithe an ospidéil um úsáid antaibheathach le haghaidh ionfhabhtuithe coitianta agus próifiolacsas máinliachta;
h) Foirmleoir ábhar frithmhiocróbach d’ospidéil (i.e. an liosta drugaí atá ar fáil d’oideasóirí) a bhainistiú.
Na nithe ba cheart a bheith ar eolas agat
2. Má chomhlíontar srianta foirmleora agus ceanglais réamhcheadaithe agus iarúdaraithe le haghaidh antaibheathaigh shonracha, laghdófar úsáid na n-antaibheathach sin i suíomhanna aonad dianchúraim [43].
3. Má dhéantar aistrithe cógaiseoirthreoraithe ó thabhairt phaireintreach go tabhairt bhéil (e.g. fad na teiripe paireintrí a ghiorrú gan drochthionchar a imirt ar thorthaí cliniciúla), cuirfear feabhas ar thorthaí cliniciúla [56].
4. Má úsáidtear foirmeacha ordaithe speisialta, beifear in ann teorainn a chur le fad an phróifiolacsais antaibheathach imobráide agus an mhinicíocht ionfhabhtuithe i gcréacht máinliachta, an úsáid antaibheathach agus costais a laghdú [56].
5. Is féidir le cógaiseoirí róil éagsúla a imirt sa rannóg éigeandála, lena n-áirítear aiseolas fíor-ama a thabhairt, comhairle a chur ar fáil maidir le cleachtais oideasaithe, agus idirghníomhuithe drugaí a shainaithint. Trí na róil sin, laghdaítear an fad cóireála agus costas foriomlán an chúraim [77].
Na nithe is féidir leat a dhéanamh nó na nithe ar féidir leat dul i mbun comhair ina leith
6. Tacú le clár maoirseachta antaibheathach a fhorbairt agus a chur chun feidhme laistigh de d’eagraíocht [69,94].
7. Aiseolas agus comhairle a chur ar fáil d’oideasóirí maidir le roghnú antaibheathach, leis an dáileog, le barrfheabhsú an fhaid agus leis an modh tugtha [31,94].
8. Spreagadh a thabhairt do chliniceoirí aistriú ó thabhairt phaireintreach go tabhairt bhéil ag an am cuí [56].
9. A sheiceáil go mbíonn oidis antaibheathach ag teacht le prótacail chóireála antaibheathach atá bunaithe ar threoirlínte fianaisebhunaithe. Má fheiceann tú baill foirne san ospidéal nó i suíomh cúram sláinte atá ag sárú treoirlínte nó prótacal, fiafraigh díobh cén fáth a bhfuil an méid sin á dhéanamh acu agus tabhair dóibh na hacmhainní a theastaíonn chun a thuiscint cá bhfuil siad ag dul ar strae [69] [comhdhearcadh saineolaithe].
10. Sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt faoi úsáid antaibheathach agus faoi chostais ar leibhéal an bharda agus ar leibhéal an ospidéil [56,76].
11. Faisnéis faoi úsáid antaibheathach sa bhaile a thabhairt, i gcomhar le hoideasóirí, d’othair a bhfuil orthu leanúint le teiripe antaibheathach tar éis a scaoilte amach [31].
12. Oideasóirí ospidéil a oiliúint go rialta in úsáid stuama antaibheathach agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe maidir le treoirlínte fianaisebhunaithe um úsáid antaibheathach a chur chun feidhme san ospidéal [31,53,94,95].