Lill-Karin

scéalta othar

Lill-Karin is ainm dom. Is múinteoir scoile scortha mé. Táim 66 bliain d’aois agus tá triúr clainne fásta agus cúigear garleanaí agam.

Tá cónaí orm i m’aonair ó cailleadh m’fhear céile, agus caithim mo chuid ama ag léamh, ag fuáil, ag scríobh dánta agus ag taisteal.

Bhí mé san India roinnt uaireanta ach ní raibh cuairt tugtha agam ar Kerala riamh. Mar sin, i 2010 bheartaigh mé ar chuairt a thabhairt ann agus shocraigh mé fanacht le teaghlach áitiúil.

Chuaigh rudaí in olcas go tapa. Bhailigh m’óstach ón aerfort mé, ach sula raibh deis agam an chathair a fheiceáil fiú, bhuail a charr in aghaidh trucaile.

Bhí mo chos briste go dona agus tugadh chuig an ospidéal faoi luas mé, agus mé i mo luí ar urlár otharchairr.

Tar éis an t-ospidéal a bhaint amach, chaith mé dhá lá ar leaba phlaisteach i seomra mór agus daoine breoite mórthimpeall orm. Tugadh babhla uisce dom uair sa lá, ach toisc go raibh cos bhriste agam ní fhéadfainn bogadh chun mé féin a ní ná mo chuid éadaigh a athrú. Mar sin bhí orm fanacht i mo luí ansin sa bhrothall.

Ar deireadh, bogadh go seomra príobháideach mé agus thugas faoi obráid um athchur cromáin. San India, bítear ag súil leis go dtabharfaidh do mhuintir aire duit san ospidéal, mar sin ní fhaca mé na dochtúirí ná na haltraí go rómhinic. Roinnt seachtainí uaigneacha a bhí ann gan agam ach m’óstach mar chomhluadar, ach ar deireadh scaoileadh abhaile mé.

Sa bhaile san Iorua, bhí orm filleadh ar an ospidéal láithreach. Coinníodh i m’aonair mé i seomra speisialta agus bhí ar dhuine ar bith a thug cuairt orm feisteas cosanta a chaitheamh.

D’aimsigh na dochtúirí go raibh baictéar frithsheasmhach ina aghaidh antaibheathach i mo chuid fuail, mar thoradh ar chataitéar fuail a feistíodh ionam i rith na hobráide san India. Níor bhraith mé aon airíonna den ionfhabhtú, ach ba dheacair an tréimhse í. Bhí leanbh nua ag mo mhuintir agus bhí eagla orthu cuairt a thabhairt orm dá bharr, ar eagla go dtógfaidís an t-ionfhabhtú leo. Chaill mé bainiseacha agus baistí muintire chomh maith. Ba mhór an buille é a bheith i m’aonair ag an am sin, agus bhraith mé in ísle brí agus scoite amach go mór.

Bhí mé buartha chomh maith go n-éireodh créacht na hobráide ionfhabhtaithe, toisc nach raibh sé leigheasta go fóill. Bhí amanna ann nuair nach raibh mé cinnte go dtiocfainn slán.

Ar an dea-uair, tá biseach iomlán tagtha orm agus tá mé saor ón ionfhabhtú, ach bhí an-eagla orm ar feadh tamaill slaghdán nó fiú rud níos measa a thógáil. Ó mo chuid ama san ospidéal, d’fhoghlaim mé an tábhacht atá le sláinteachas dian agus leacht díghalráin nite lámh agus glantóirí baile a úsáid chun frídíní a choinneáil faoi smacht. Ba uafásach an t-eispéireas é, ach níl sé tar éis maolú a dhéanamh ar an bhfonn taistil atá orm; tá mo chéad turas eile go Kerala á phleanáil agam cheana. Tá súil agam go bhfeicfidh mé an tír an uair seo, seachas an t-ospidéal amháin.

Tráchtaireacht: nótaí an cháis

Fad is a bhí sí san India, rinneadh máinliacht ortaipéideach ar Lill-Karin, chomh maith le cóireáil phróifiolacsach antaibheathach le linezolid. Tugadh chun ospidéil í san Iorua le hathraitheach den bhaictéar Klebsiella pneumonia ina cuid fuail, rud a bhí frithsheasmhach in aghaidh antaibheathaigh éagsúla. Ceaptar go raibh an baictéar seo tar éis coilíniú a dhéanamh ar a fual ó chataitéar a feistíodh i rith na hobráide san India.

Bhí antaibheathach amháin nach raibh an baictéar in ann a shárú, ba é sin colistin. Bhí sé frithsheasmhach in aghaidh na n-antaibheathach seo a leanas go léir: gach béitealachtam (peinicilliní agus ceifileaspóiriní, na carbaipeineimí agus aztreonam), na aminoglycosides, na fluaracuineolóin (msh. ciprofloxacin), trimethoprim/sulfamethoxazole agus tigecycline.

Fuarthas amach gur chruthaigh an t-aonarán K. pneumoniae an einsím carbapenemase. Léirigh anailís mhóilíneach go raibh géin san aonarán agus ba í ba chúis le metallo-beta-lactamase (NDM-1) New Dehlia chruthú. Tá an eilimint chineálach seo faighte i gcuid mhaith baictéar agus tá sé tar éis scaipeadh ar fud an domhain agus é mar chúis le baictéir a iompraíonn an ghéin atá le bheith frithsheasmhach in aghaidh an oiread sin antaibheathach. Fágann sin nach bhfuil ach líon beag antaibheathach nó nach bhfuil antaibheathach ar bith ann atá ar fáil mar chóireáil. I gcás an othair seo, ní raibh an baictéar a bhí istigh inti íogair ach i gcás colistin, antaibheathach is gá a thabhairt go hinfhéitheach agus ar féidir leis a bheith tocsaineach.

Tá méadú tagtha ar rátaí a leithéid de bhaictéir atá thar a bheith frithsheasmhach ar fud an domhain. Is minic go mbíonn na baictéir seo, a bhfuil sé d’acmhainneacht acu taisteal thar theorainneacha tíortha, á n-iompar ag othair a aistrítear idir na córais cúraim sláinte éagsúla. Tá sé tábhachtach go mbeadh lianna ar a n-airdeall le haghaidh cásanna d’othair atá ag iompar na mbaictéar seo atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach. Cé gur rud annamh í an fhrithsheasmhacht seo i gCríoch Lochlann, tugadh cuid mhaith cásanna eile faoi deara ar fud na hEorpa agus iad ceangailte le daoine a d’fhan in ospidéil thar lear.