Bileog eolais don phobal i gcoitinne

bileog eolais ábhar faisnéise ábhar foireann uirlisí

Sainmhínithe 

Cad é ábhar antaibheathach?
Is cógais iad antaibheathaigh, dá ngairtear drugaí frithmhiocróbacha freisin, a bhfuil ar a gcumas baictéir a mharú nó fás na mbaictéar a chosc chun ionfhabhtuithe i ndaoine, in ainmhithe agus uaireanta i bplandaí a leigheas. Is cógais iad antaibheathaigh a úsáidtear chun ionfhabhtuithe baictéaracha (cosúil le niúmóine niúmacocúil nó ionfhabhtuithe stafalacocúla sa sruth fola) a chomhrac; de ghnáth, gairtear drugaí frithvíreasacha ar dhrugaí frithmhiocróbacha atá éifeachtúil i gcoinne víreas (cosúil leis na drugaí I gcoinne an fhliú, VEID agus heirpéas). Níl na hantaibheathaigh uile gníomhach i gcoinne na mbaictéar uile. Tá níos má ná 15 aicme éagsúil d’antaibheathaigh a bhfuil struchtúir cheimiceacha éagsúla acu agus a dhéanann gníomhartha éagsúla i gcoinne baictéar. Féadfaidh antaibheathach a bheith éifeachtúil in aghaidh aon chineál baictéir amháin nó in aghaidh iliomad cineálacha baictéar.

Cad is brí le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach?
Bíonn baictéir frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach nuair nach bhfuil ar chumas antaibheathach sonrach na baictéir a mharú ná fás na mbaictéar a chosc níos mó. Tá roinnt baictéar frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach áirithe go nádúrtha (frithsheasmhacht intreach nó dhúchasach). Is cúis imní níos mó é nuair a éiríonn roinnt baictéar, a bhíodh so‑ghabhálach i leith antaibheathach, frithsheasmhach mar gheall ar athruithe géiniteacha (frithsheasmhacht fhaighte). Maireann baictéir le frithsheasmhacht nuair a bhíonn an t‑antaibheathach i láthair, agus leanann siad orthu ag iomadú, rud a bhíonn ina chúis le breoiteacht níos faide nó bás, fiú amháin. Féadfaidh cúram breise a bheith ag teastáil i gcás ionfhabhtuithe nuair is baictéir le frithsheasmhacht is cúis leo, agus féadfaidh antaibheathaigh mhalartacha, níos costasaí, a mbaineann fothorthaí níos déine leo, a bheith ag teastáil freisin.  

Cúiseanna le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach  

Cad í an chúis is tábhachtaí le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach?
Is teagmhas nádúrtha é frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus is sócháin i ngéinte baictéar is cúis léi. Mar sin féin, nuair a bhaintear úsáid iomarcach, mhíchuí as antaibheathaigh, luathaítear teacht chun cinn agus scaipeadh baictéar le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach. Nuair a nochtar baictéir shoghabhálacha d’antaibheathaigh, maraítear na baictéir sin agus féadann baictéir le frithsheasmhacht leanúint orthu ag fás agus ag iomadú. Féadfaidh na baictéir le frithsheasmhacht leathadh agus bheith ina gcúis le hionfhabhtuithe i ndaoine eile nár ghlac aon antaibheathach.

Cad is brí le húsáid “mhíchuí” antaibheathach?
Nuair a úsáideann tú antaibheathaigh ar an gcúis mhícheart: is víris is cúis le formhór na slaghdán agus an fhliú agus NÍL antaibheathaigh éifeachtúil ina leith.  I gcásanna dá leithéid, ní chuirfidh tú feabhas ar do riocht trí antaibheathaigh a ghlacadh: ní íslíonn antaibheathaigh fiabhras ná ní chuireann siad cosc ar shiomptóim cosúil le sraothartach.  

Nuair a úsáideann tú antaibheathaigh ar an gcaoi mhícheart: má ghiorraíonn tú tréimhse na cóireála, má íslíonn tú na dáileoga, mura gcloíonn tú leis an minicíocht cheart (an druga a ghlacadh uair amháin in aghaidh an lae in ionad 2 nó 3 huaire in aghaidh an lae mar a ordaítear), ní bheidh go leor den druga i do cholainn agat, agus mar sin mairfidh na baictéir agus d’fhéadfadh siad éirí frithsheasmhach.

Lean comhairle do dhochtúra faoi cathain agus conas antaibheathaigh a úsáid i gcónaí.

Cad iad na galair ar baictéir le frithsheasmhacht is cúis leo?
Féadann baictéir le frithsheasmhacht ildrugaí a bheith ina gcúis le raon leathan ionfhabhtuithe: ionfhabhtú chonair an fhuail, niúmóine, ionfhabhtú craicinn, buinneach, ionfhabhtú shruth na fola. Braitheann suíomh an ionfhabhtaithe ar na baictéir agus ar bhail an othair.

Bíonn othair in ospidéil i mbaol ó ionfhabhtuithe nach mbaineann leis an gcúis ar glacadh isteach san ospidéal iad, mar shampla, ionfhabhtuithe shruth na fola agus ionfhabhtuithe ag an suíomh máinliachta cosúil le MRSA (is Staphylococcus aureus le frithsheasmhacht in aghaidh meiticilline is cúis leis; is antaibheathach é meiticillin atá ar cheann de na haicmí antaibheathach a bhíonn éifeachtúil in aghaidh Staphylococcus aureus de ghnáth), ionfhabhtuithe shruth na fola is Enterobacteriaceae a tháirgeann ESBL (béite-lachtamáisí le speictream leathnaithe, einsímí atá in ann roinnt antaibheathach a scrios) is cúis leo, ionfhabhtuithe i gcomhlaí an chroí is Enteroccocci le frithsheasmhacht in aghaidh vancaimícine is cúis leo agus ionfhabhtuithe ag an suíomh máinliachta agus i ngonta is Acinetobacter baumannii le frithsheasmhacht in aghaidh carbaipeinimí is cúis leo.  

An fhadhb a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach 

Is dúshlán é ionfhabhtuithe a chóireáil nuair is baictéir le frithsheasmhacht is cúis leo: níl antaibheathaigh a úsáidtear go coitianta éifeachtúil níos mó agus caithfidh dochtúirí antaibheathaigh eile a roghnú. Féadfaidh sin moill a chur ar chóireáil cheart na n-othar agus a bheith ina cúis le seachghalair, agus le bás fiú amháin. Lena chois sin, féadfaidh cúram breise agus antaibheathaigh mhalartacha níos costasaí, a mbaineann fothorthaí níos déine leo, a bheith ag teastáil ó othar.  

Cén fáth gur fadhb í frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach?

Cé chomh tromchúiseach agus atá an fhadhb?
Tá an cás ag dul in olcas le tréithchineálacha nua baictéaracha ag teacht chun cinn le frithsheasmhacht in aghaidh roinnt antaibheathach ag an am céanna (dá ngairtear baictéir le frithsheasmhacht ildrugaí). Ar deireadh, féadfaidh baictéir dá leithéid éirí frithsheasmhach in aghaidh na n‑antaibheathach uile atá ar fáil. Gan aon antaibheathaigh, d’fhéadfaimis filleadh ar an “ré réamh‑antaibheathach” agus ní bheadh trasphlandú orgán, ceimiteiripe d'ailse, dianchúram agus gnáthaimh mhíochaine eile indéanta níos mó. Scaipfeadh galair bhaictéaracha agus ní fhéadfaí iad a chóireáil níos mó, agus bheadh sin ina chúis le básanna.

An bhfuil an fhadhb níos measa ná mar a bhí san am atá thart?
Sula bhfuarthas antaibheathaigh, fuair na mílte duine bás ó ghalair bhaictéaracha, cosúil le niúmóine nó ionfhabhtú i ndiaidh máinliachta. Ó fuarthas antaibheathaigh agus ó baineadh úsáid astu, tá níos mó agus níos mó baictéar, a bhíodh so‑ghabhálach tráth, tar éis éirí frithsheasmhach, agus d'fhorbair siad a lán modhanna éagsúla chun antaibheathaigh a chomhrac.  Toisc go bhfuil frithsheasmhacht ag dul i méid, agus toisc nach bhfuarthas agus nach margaíodh ach líon beag antaibheathach nua le blianta beaga anuas, is mórbhagairt don tsláinte phoiblí í frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach anois.  

Cad is féidir a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach?
 
Tá gach uile dhuine freagrach as antaibheathaigh a choinneáil éifeachtúil. Trí úsáid fhreagrach a bhaint as antaibheathaigh féadtar stop a chur le forbairt baictéar le frithsheasmhacht agus féadtar cabhrú le hantaibheathaigh a choinneáil éifeachtúil agus inúsáidte ag na glúine amach anseo. Ar an mbonn sin, tá sé tábhachtach go mbeidh a fhios ag daoine cathain gur cuí antaibheathaigh a úsáid agus conas antaibheathaigh a úsáid go freagrach. Mar thoradh ar fheachtais rathúla um fheasacht an phobail a mhúscailt a reáchtáladh i roinnt tíortha cheana féin, tá laghdú tagtha ar an úsáid a bhaintear as antaibheathaigh.
Tá ról tábhachtach le himirt ag cách maidir le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach a laghdú:

• Othair:

    1. Lean comhairle do dhochtúra nuair atá antaibheathaigh á nglacadh agat.
    2. Nuair is féidir, cuir cosc ar ionfhabhtú trí vacsaíniú cuí a fháil.
    3. Nigh do lámha agus lámha do leanaí go rialta, mar shampla i ndiaidh sraothartaí nó casachtaí sula leagfaidh tú lámh ar rudaí nó ar dhaoine eile.
    4. Na húsáid antaibheathaigh gan oideas liachta riamh – ná bain úsáid as antaibheathaigh “fágtha” nó as antaibheathaigh a fuarthas gan oideas.
    5. Cuir ceist ar do chógaiseoir faoin gcaoi cheart leis na cógais fágtha a dhiúscairt. 

• Dochtúirí agus gairmithe cúraim sláinte eile, e.g. cógaiseoirí agus altraí:

    1. Ná déan antaibheathaigh a ordú ach amháin nuair atá gá leo, de réir treoirlínte bunaithe ar fhianaise. Nuair is féidir, déan antaibheathach a bhaineann go sonrach leis an ionfhabhtú a ordú in ionad antaibheathaigh le “speictream leathan”.
    2. Mínigh d’othair conas is féidir leo siomptóim slaghdán agus an fhliú a mhaolú gan antaibheathaigh.
    3. Mínigh d’othair cén fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach go gcloífidh siad leis an gcóireáil nuair a ordaíonn dochtúir antaibheathaigh dóibh.
    4.  

Frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach san Eoraip 

An mbaineann fadhb le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach san Eoraip?
Léiríonn sonraí faireachais gur fadhb sláinte poiblí atá ag dul i méid in ospidéil agus i bpobail Eorpacha í frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh. Tá frithsheasmhacht Escherichia coli in aghaidh príomh‑antaibheathach ag dul i méid i mbeagnach gach tír san Eoraip. Bíonn E. coli ina chúis le hionfhabhtuithe chonair an fhuail agus le hionfhabhtuithe níos tromchúisí agus tá sé ar cheann de na baictéir is coitianta is cúis le hionfhabhtuithe.

Chun aghaidh a thabhairt ar an údar imní seo maidir le sláinte phoiblí, d’eisigh Comhairle an Aontais Eorpaigh moladh in 2001 a d’iarr ar thíortha gníomhartha a chur i bhfeidhm chun úsáid chiallmhar antaibheathach a áirithiú (Council recommendation of 15 November 2001 on the prudent use of antimicrobial agents in human medicine [Moladh ón gComhairle an 15 Samhain 2001 maidir le húsáid chiallmhar oibreán frithmhiocróbach i gcógas daonna] (2002/77/CE)). Lainseáil roinnt tíortha cláir náisiúnta, lena n-áirítear feachtais um fheasacht an phobail a mhúscailt, roinnt blianta ó shin, agus bhreathnaigh siad laghdú ar úsáid antaibheathach agus ar fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach.

Cén fáth go bhfuil an fhadhb seo níos casta i roinnt tíortha ná mar atá sé i dtíortha eile?
Tá an‑chuid cúiseanna le rátaí éagsúla frithsheasmhachta, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as antaibheathaigh, galair bhunúsacha, cáilíocht an chúraim ospidéil, rátaí imdhíonachta agus fachtóirí sóisialta.  Ní féidir coibhneas na n‑ionfhabhtuithe le frithsheasmhacht a raibh fachtóir amháin ina chúis leo a dhearbhú i gcónaí. Léiríonn sonraí ón European Antimicrobial Resistance Surveillance System [Córas Faireachais Eorpach ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh] (http://www.rivm.nl/earss/) go bhfuil grádán Thuaidh-Theas ann le rataí ísle i dtíortha Lochlannacha agus san Ísiltír agus rátaí arda i nDeisceart na hEorpa. Go ginearálta, baintear úsáid níos lú as antaibheathaigh i dtíortha le rátaí frithsheasmhachta níos ísle, agus baintear úsáid níos mó as antaibheathaigh i dtíortha ina bhfuil rátaí frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathach níos airde.

Cad é cás na frithsheasmhachta i réigiúin eile ar domhan?
Is fadhb dhomhanda í úsáid mhíchuí antaibheathach. D’eisigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) straitéis agus treoirlínte domhanda chun cabhrú le tíortha córais a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus chun gníomhartha éifeachtacha a chur i bhfeidhm (mar shampla, a áirithiú nach féidir antaibheathaigh a cheannach gan oideas). Cé go bhfaigheann daoine i dtíortha i mbéal forbartha bás fós toisc nach gcuirtear an chóireáil antaibheathach cheart ar fáil dóibh, tá frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach mar thoradh ar úsáid mhíchuí ina húdar imní ar gach ilchríoch.

Frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus ainmhithe bia 

Tá antaibheathaigh a úsáidtear chun ionfhabhtuithe baictéaracha a chóireáil agus a chosc in ainmhithe sna grúpaí ceimiceacha céanna agus atá na hantaibheathaigh a úsáidtear do dhaoine: macrailídí, teitriciglíní, cuineolóin, béite-lachtaim, aimínighliocóisídí. Mar sin, féadfaidh ainmhithe baictéir a tholgadh atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach a úsáidtear do chóireáil ionfhabhtuithe i ndaoine freisin.

Cad iad na hantaibheathaigh a úsáidtear in ainmhithe bia? An mbaineann siad leis na hantaibheathaigh a úsáidtear sa duine daonna?

An gcuireann an úsáid a bhaintear as antaibheathaigh in ainmhithe bia leis an bhfadhb?
Féadfar baictéir áirithe le frithsheasmhacht a bhaineann le hithe bia, cosúil le CampylobacterSalmonella, a aistriú ó ainmhithe go daoine trí mheán bia. Féadfaidh daoine baictéir le frithsheasmhacht a tholgadh ó theagmháil dhíreach le hainmhithe freisin. Mar sin féin, is í an chúis phríomhúil le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach i ndaoine ná an úsáid a bhaintear as antaibheathaigh i gcúram leighis daoine.

MRSA

Is baictéar coitianta é atá ar chraiceann agus i múcós 20% go 30% de dhaoine sláintiúla. Uaireanta, féadfaidh sé a bheith ina chúis le hionfhabhtuithe má ligtear isteach sa chorp é. Go tipiciúil, bíonn sé ina chúis le hionfhabhtuithe craicinn agus gonta ach féadann sé a bheith ina chúis le hionfhabhtuithe scamhógacha, ag an suíomh máinliachta, croí, cnáimhe agus ionfhabhtuithe ionracha eile. Nuair atá frithsheasmhacht in aghaidh meiticillinne (nó in aghaidh ocsaicilline, cineál peinicilline) aige, tugtar MRSA nó “ le Frithsheasmhacht in aghaidh Meiticilline” air.  Go tipiciúil, bíonn an MRSA a fhaightear in ospidéil frithsheasmhach in aghaidh a lán antaibheathach eile freisin.

Cad é MRSA?
Is baictéar coitianta é Staphylococcus aureus atá ar chraiceann agus i múcós 20% go 30% de dhaoine sláintiúla. Uaireanta, féadfaidh sé a bheith ina chúis le hionfhabhtuithe má ligtear isteach sa chorp é. Go tipiciúil, bíonn sé ina chúis le hionfhabhtuithe craicinn agus gonta ach féadann sé a bheith ina chúis le hionfhabhtuithe scamhógacha, ag an suíomh máinliachta, croí, cnáimhe agus ionfhabhtuithe ionracha eile. Nuair atá frithsheasmhacht in aghaidh meiticillinne (nó in aghaidh ocsaicilline, cineál peinicilline) aige, tugtar MRSA nó “Staphylococcus aureus le Frithsheasmhacht in aghaidh Meiticilline” air.  Go tipiciúil, bíonn an MRSA a fhaightear in ospidéil frithsheasmhach in aghaidh a lán antaibheathach eile freisin.

Cad iad na cúiseanna le MRSA?
De ghnáth, tolgtar MRSA trí theagmháil dhíreach duine le duine nó trí mheán trealaimh nó feistí leighis. Tá nasc idir úsáid antaibheathach agus riosca níos airde de tholgadh MRSA freisin.

Cad iad na rioscaí a bhaineann le MRSA in ospidéil?
In ospidéil, tá roinnt uaireanta le linn cúraim ina bhféadfar MRSA a thabhairt isteach san fhuil nó i bhfíochán eile an choirp, go háirithe le linn gnáthamh míochaine ionrach cosúil le máinliacht, instealladh nó aeráil. Ansin féadann sé bheith ina chúis le hionfhabhtuithe logánta craicinn nó le hionfhabhtuithe níos baolaí don bheatha cosúil le niúmóine, ionfhabhtuithe shruth na fola agus ionfhabhtuithe ag an suíomh máinliachta. Chun an riosca seo a laghdú, cuireann ospidéil gníomhartha coisctheacha i bhfeidhm: ní na lámh nó díghalrú le tuaslagán alcólbhunaithe, antaiseipteáin a úsáid sula ndéantar obráidí, scagadh agus aonrú othar a bhfuil baol mór ann go bhfuil baictéir le frithsheasmhacht á n‑iompar acu, agus úsáid chiallmhar antaibheathach.

Cad iad na rioscaí a bhaineann le MRSA sa phobal?
Féadfaidh ionfhabhtuithe MRSA tarlú sa phobal má thugtar MRSA isteach sa chorp trí bhriseadh cnis. Tuairiscíodh ionfhabhtuithe MRSA pobal‑bhainteacha (CA-MRSA) i roinnt tíortha, e.g. i bhfoirne aclaíochta agus i bpríosúin i Meiriceá Thuaidh, agus taifeadadh tarchur i measc ball teaghlaigh. Is cosúil gurb í dlúth‑theagmháil duine le duine tréith choiteann na n‑ionfhabhtuithe sin. Go príomhúil, is ionfhabhtuithe craicinn (neascóidí), easpaí iad ionfhabhtuithe CA-MRSA; uaireanta féadfaidh ionfhabhtuithe níos tromchúisí a bheith i gceist (e.g. ionfhabhtuithe shruth na fola), go háirithe má tháirgeann CA-MRSA tocsain cosúil le Panton-Valentine Leukocidin (PLV).

Conas is féidir liom mé féin/mo theaghlach a chosaint ó MRSA?
Is é an rud is tábhachtaí le déanamh chun tú féin agus do theaghlach a chosaint ó MRSA ná cloí le bearta simplí sláinteachais: déan gonta, gearrthacha agus gránuithe a ghlanadh agus a chlúdach, coinnigh do lámha glan go dtí go leigheasfar iad, agus ná déan nithe pearsanta cosúil le rásúir agus tuáillí a roinnt.  Má tholgann tú ionfhabhtú mar gheall ar MRSA, cuir ceist ar do dhochtúir nó ar d’altra faoi na bearta sláinteachais a gcaithfidh tú agus do theaghlach cloí leo, san ospidéal agus nuair a fhillfidh tú abhaile.

Escherichia coli 

Cad é Escherichia coli ?
Is é Escherichia coliE. coli ceann de na baictéir is coitianta i gconair díleá (putóg) gach aon duine. Tá sé ina bhall de theaghlach baictéar dá ngairtear Enterobacteriacae (in éineacht le Klebsiella, Enterobacter). Go ginearálta, níl E. coli díobhálach, ach uaireanta féadfaidh sé bheith ina chúis le hionfhabhtuithe, ionfhabhtuithe chonair an fhuail den chuid is mó.  Le blianta beaga anuas, tuairiscíodh méadú ar ionfhabhtuithe mar gheall ar E. coli le frithsheasmhacht in aghaidh a lán antaibheathach ag an tráth céanna, lena n‑áirítear fluaracuineolóin agus ceifileaspóiriní den tríú glúin.  

Cad iad na cúiseanna le E. coli le frithsheasmhacht?
Fuarthas nasc idir cóireáil antaibheathach roimh ré, e.g. le fluaracuineolóin, agus rioscaí níos airde de E. coli le frithsheasmhacht. Ansin, féadfaidh E. coli le frithsheasmhacht scaipeadh idir daoine.

Cad iad na rioscaí a bhaineann le E. coli le frithsheasmhacht in ospidéil?
In ospidéil, an baol is mó ná go bhféadfar E. coli ó do phutóg féin a thabhairt isteach san fhuil nó i bhfíochán eile le linn gnáthamh míochaine ionrach cosúil le máinliacht nó instealladh. Féadfaidh sé a bheith tarchurtha ó dhuine go duine trí mheán teagmhála dírí freisin (ar na lámha). Ansin féadfaidh sé a bheith ina chúis le raon leathan ionfhabhtuithe cosúil le hionfhabhtuithe chonair an fhuail, niúmóine, ionfhabhtuithe shruth na fola agus ionfhabhtuithe ag an suíomh máinliachta. Chun an riosca seo a laghdú, cuireann ospidéil gníomhartha coisctheacha i bhfeidhm: úsáid chiallmhar antaibheathach, antaiseipteáin a úsáid sula ndéantar obráidí, gnáthaimh aiseipteacha chun cosc a chur ar ionfhabhtuithe chonair an fhuail, sláinteachas lámh agus scagadh othar a bhfuil baol mór ann go bhfuil baictéir le frithsheasmhacht á n-iompar acu.

Cad iad na rioscaí a bhaineann le E. coli le frithsheasmhacht sa phobal?
Is é an príomhfhachtóir riosca de E. coli le frithsheasmhacht sa phobal cóireáil antaibheathach roimh ré. Féadfar moill a chur ar chóireáil éifeachtúil ionfhabhtú chonair an fhuail mar gheall ar E. coli le frithsheasmhacht, agus d’fhéadfadh sin a bheith ina chúis le seachghalair thromchúiseacha cosúil le hionfhabhtú duáin nó shruth na fola.

Page last updated 16 Samh. 2008