Cuardaigh
Data
Bileoga eolais - oideasóirí cúraim phríomhúil
Seo bileog eolais d’oideasóirí ar fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach i gcúram príomhúil a thabharfaidh sonraí AE agus náisiúnta ar na treochtaí is déanaí.
Eochair-theachtaireachtaí d’ordaitheoirí cúraim phríomhúil
Toisc méadú a bheith ag teacht ar fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathaigh tá an baol ann nach mbeidh antaibheathaigh éifeachtach anois ná feasta: ach cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le hothair d’fhéadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb seo atá ag dul in olcas.
Data
Bileog d’Othair
Bileog le dáileadh ar othair chúraim phríomhúil: Míníonn sé an rud is frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus a thábhachtaí atá sé antaibheathaigh a úsáid go cuí.
Data
Comhrá leis an Othar
Seo comhrá samplach le hothar bunaithe ar an fhianaise atá ar fáil, a thabharfaidh treoir agus tacaíocht d’oideasóirí cúraim phríomhúil a thagann faoi bhrú ó othair ag lorg antaibheathach, agus a chabhróidh chun othair a threorú chun antaibheathaigh a úsáid go cuí.
Bileog eolais do shaineolaithe
Is éard atá i gceist le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh ná cumas miocrorgánaigh (e.g. baictéar, víreas nó seadán, cosúil le seadán maláire) cur in aghaidh gnímh oibreáin fhrithmhiocróbaigh.
Grafaicí faisnéise
Grafaicí faisnéise ina mínítear próiseas na frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathach, an caidreamh idir úsáid antaibheathach agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, agus an fhrithsheasmhacht mhéadaithe in aghaidh antaibheathaigh líne deiridh atá le brath le déanaí.