Cuardaigh
Data
Litreacha teimpléid chuig cógaiseoirí agus oideasóirí cúraim phríomhúil
Litreacha d’údaráis náisiúnta sláinte poiblí lena seoladh chuig cógaiseoirí agus chuig oideasóirí cúraim phríomhúil, agus é i gceist leo tús eolais a thabhairt dóibh ar an Lá Feasachta Eorpach maidir le hÚsáid Antaibheathach (EAAD), úsáid chuí antaibheathach a chur chun cinn agus othair a chur ar an eolas faoi na rioscaí a ghabhann le hantaibheathaigh a fhéin-íocleigheasú.
Data
Lógó brandála
Dearadh an lógó Lá Feasachta Eorpach maidir le hÚsáid Antaibheathach le húsáid i ngach ábhar a bhaineann le Lá Feasachta Eorpach maidir le hÚsáid Antaibheathach agus le féiniúlacht amhairc chomhsheasmhach a sholáthar do gach ábhar cumarsáide a fhorbraítear ar an ócáid seo.
Data
Málaí cógaslainne
Níl ECDC ag iarraidh ró-úsáid málaí a chur chun cinn ar aon bhealach, toisc go bhfuil iarrachtaí ar bun i bhformhór na dtíortha úsáid málaí a dhíspreagadh ar mhaithe le dramhaíl neamhriachtanach a laghdú. Ina ainneoin sin, tá sé soiléir go bhfuil málaí cógaslainne in úsáid mar “choimeádán leathbhuan” cógas agus taifead leighis i dtíortha áirithe.