Príomhtheachtaireachtaí do rannóga éigeandála [lianna agus bainisteoirí]
1. Tá tú in áit thábhachtach chun oideasú antaibheathach a fheabhsú d’othair chónaitheacha agus d’othair sheachtracha araon ós rud é go bhfuil do shaoráid lonnaithe ag an gcomhéadan idir an t-ospidéal agus an pobal [77].
2. Bíonn tionchar mór ag na réimeanna antaibheathach a thosaítear i do rannóg ar an gcineál teiripe a leanfar leis san ospidéal agus i suíomhanna pobail [77].
Cúraimí
3. Áirítear iad seo a leanas leis na cúraimí cliniciúla atá ort maidir le húsáid antaibheathach a fheabhsú [102] [comhdhearcadh saineolaithe]:
a) Cloí le treoirlínte fianaisebhunaithe áitiúla um úsáid antaibheathach le haghaidh ionfhabhtuithe coitianta;
b) Cinneadh a dhéanamh ar an gcéad dáileog antaibheathach d’othair chónaitheacha;
c) Na saothráin ábhartha a thógáil sula dtosaítear ar theiripe antaibheathach, rud a bheifear in ann a úsáid chun teiripe antaibheathach a chur in oiriúint, nó chun deireadh a chur léi, le linn an fhanachta san ospidéal;
d) An fhaisnéis chúlra ábhartha agus na cinntí cóireála ábhartha ar fad maidir le hothair a chur in iúl do chleachtóirí iarchúraim le haghaidh othair chónaitheacha agus othair sheachtracha.
e) Eolas a thabhairt d’othair (agus dá dteaghlach) faoin tásc ar oideas antaibheathach, faoi iarmhairtí féideartha agus faoi úsáid chuí na n-antaibheathach.
4. Áirítear iad seo a leanas leis na cúraimí atá ar an rannóg [77] [comhdhearcadh saineolaithe]:
a) Cur ar fáil a dhéanamh ar threoirlínte fianaisebhunaithe an ospidéil um úsáid antaibheathach agus ar chonairí cliniciúla le haghaidh na hionfhabhtuithe is coitianta a dtagtar orthu i do rannóg a dhiagnóisiú agus a bhainistiú agus cóireáil a chur ar fáil ina n-aghaidh (i.e. ionfhabhtuithe sa chonair riospráide, ionfhabhtuithe sa chraiceann agus i bhfíochán bog, ionfhabhtuithe i gconair an fhuail agus seipsis). Ba cheart an tásc, an druga atá roghnaithe, an dáileog, an modh tugtha agus fad na cóireála a bheith ar áireamh ansin.
b) A chinntiú go gcuimsítear patrúin áitiúla i micribhitheolaíocht agus i bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach sna treoirlínte agus go léirítear foirmleoir reatha an ospidéil iontu.
c) Measúnú iar-iniúchta agus léiriú fíor-ama ar shonraí saothráin mhicribhitheolaíoch a neartú trí chomhordú leis an tsaotharlann micribhitheolaíochta chun torthaí a chur in iúl go héifeachtúil d’oideasóirí.
d) Oideachas a chur ar fáil don fhoireann ar ghalair thógálacha agus ar úsáid stuama antaibheathach.
Na nithe is féidir leat a dhéanamh
5. Cloí le prótacail chóireála antaibheathach atá bunaithe ar threoirlínte fianaisebhunaithe (e.g. le haghaidh seipsise [74], ionfhabhtuithe i gconair an fhuail [103], ionfhabhtuithe sa chraiceann agus i bhfíochán bog [104]), agus na bearta um ionfhabhtú a chosc agus a rialú atá bunaithe i do shuíomh a chur i bhfeidhm [31] [comhdhearcadh saineolaithe].
6. Stair chríochnúil othair a ghlacadh agus antaibheathach á oideasú agat, lena n-áirítear faisnéis faoi na nithe seo a leanas: úsáid antaibheathach le déanaí, ailléirgí i leith drugaí, úsáid teiripe imdhíon-sochtaí, agus tosca riosca le haghaidh frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach (mar shampla, fanacht san ospidéal le déanaí, gnáthamh a rinneadh le déanaí nó taisteal lasmuigh den Eoraip le déanaí) [31].
7. Coinneáil ar an eolas faoi phatrúin áitiúla i bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach sa phobal, san ospidéal agus sa rannóg [31] [comhdhearcadh saineolaithe].
8. Gan tosú ar chóireáil antaibheathach ach amháin i gcás go bhfuil fianaise ann ar ionfhabhtú baictéarach, agus gan coilíniú a chóireáil [31,72].
9. Próifiolacsas neamhriachtanach antaibheathach a sheachaint [31,73].
10. Cóireáil éifeachtach antaibheathach a thosú a luaithe is féidir le haghaidh othair a bhfuil ionfhabhtú tromchúiseach orthu [31,74].
10. A chinntiú go dtógtar saothráin sula dtosaítear ar chóireáil antaibheathach [31,42,70,71].
11 An tásc ar chóireáil antaibheathach, an druga atá roghnaithe, an dáileog, an modh tugtha agus fad na cóireála a thaifeadadh i gcairt an othair [31,42,70,71].
12. Mura mbíonn tú cinnte sula n-oideasaíonn tú antaibheathach, ba cheart duit na nithe seo a leanas a dhéanamh [25,26,53,70] [comhdhearcadh saineolaithe]:
• Sonraí eipidéimeolaíochta áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a sheiceáil;
• Treoir agus comhairle a lorg ó chomhghleacaí sinsearach nó ó bhall den fhoireann maoirseachta antaibheathach.
9. Páirt rialta a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna agus i gcruinnithe lena dtacaítear leis na nithe seo a leanas a chur chun feidhme san ospidéal: a) úsáid stuama antaibheathach, b) treoirlínte áitiúla fianaisebhunaithe um úsáid antaibheathach, agus c) bearta um ionfhabhtú a chosc agus a rialú [52,53].